Cuisle an Chomhshaoil: Cruthaitheacht / Gníomhachas / Oidhreacht
Lúnasa / August 21, 2024,
Seanscoil Sailearna, Na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
11.30 - 1.00: Siúlóid Dúlra
1.00 - 2.00: Lón ó POTA
2.00 - 4.00: Ceardlanna Ealaíona
7.00 - 9.00: Ceolchoirm
Cuisle an Chomhshaoil: Cruthaitheacht / Gníomhaíochas/ Oidhreacht
An bhfuil suim agat sna healaíona agus i gcúrsaí timpeallachta agus pobail? Tagaigí ag spaisteoireacht linn ar thuras cruthaitheach agus iniúchadh ealaíonta á dhéanamh againn ar cheist na timpeallachta.
Tá ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga, atá páirteach sa togra CLICA (Feachtasóirí Óga Aeráide) ag eagrú lá cruthaitheach gníomhaíochais i Seanscoil Sailearna ar an 21ú Lúnasa. Tabharfaidh an lá seo deis don phobal, idir óg agus sean, cuid de na ceisteanna a bhaineann leis an timpeallacht a chíoradh ar bhealach cruthaitheach agus samhailteach. Beidh trí chuid i gceist leis an lá - siúlóid dúlra agus ceoil, ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, agus ceolchoirm. (Ní gá freastal ar an ócáid ar fad. Is féidir clárú do chuid amháin, do dhá chuid nó don lá ar fad.)
Amchlár (Siúlóid Dúlra & Ceoil)
11:15: Teacht le chéile ag Seanscoil Sailearna
11:30 -13.00 :Siúlóid Dúlra & Ceoil ar bhóthar Chlochar na gCon
Siúlóid dúlra ar bhóthar Chlochar na gCon i gCois Fharraige, treoraithe ag an Dr Seathrún Ó Tuairisg, (Flóra Chois Fharraige), Éanna Hyland (Clár Uisci na nÚdarás Áitiúil) agus Peadar-Tom Mercier (Dinnseanchas - Hometree) le muid a thumadh i bhfuaimrian an nádúir agus an cheoil agus chun foghlaim faoi chaomhnú bithéagsúlachta agus uisce sa gceantar.
Beidh muid ag foghlaim faoi cáilíocht uisce agus Clár Uiscí na bPonc Gorma, agus eolaíocht saoránach (citizen science) sa bportach ó Éanna; ag cloisteáil faoi bithéagsúlacht, plandaí áitiúla agus athghiniúint ceantar portaigh anseo ó Seathrún, agus beidh Peadar-Tom ag stiúradh na scéalaíochta agus an cheoil. Beidh Rosina Joyce, Oifigeach Bithéagsúlachta le Comhairle Chontae na Gaillimhe linn, ag labhairt faoi chaomhnú bithéagsúlachta sa gceantar.
13:00-14:00 Cuirfidh POTA lón ar fáil ag deireadh na siúlóide, i Seanscoil Sailearna (urraithe ag Clár Uisci na nÚdarás Áitiúil)
Tar éis an lóin, beidh micreascóip ar fáil chun scrúdú a dhéanamh ar shamplaí a bailíodh ar an tsiúlóid.
Croch leat uachtar gréine, éarthach feithidí, bróga agus éadach feiliúnach don bháisteach. Í gcás drochaimsir, beidh muid ag fanacht i Seanscoil Sailearna, agus beidh na haoínna speisialta ag déanamh a gcur í láthair ansin. Tá an ócáid seo feiliúnach do gach aoisghrúpa ach caithfidh tuismitheoir / caomhnóir a bheith in éineacht le rannpháirtithe faoi 18.
14.00 - 16.00: Ceardlanna Ealaíne
Beidh rogha ceardlann ar siúl do dhaoine óga idir 15-25 a dhíreoidh ar úsáid a bhaint as ár n-oidhreacht le todhchaí inbhuanaithe agus dóchasach a shamhlú.
Ceol & amhránaíocht le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier agus Meadhbh O’Leary Fitzpatrick; filíocht chomhaimseartha le Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin, agus zines le Mairéad Hurley.
17.00 - 19.00 Cuisle an Chomhshaoil: Ceolchoirm
Ceolchoirm le ceol, filíocht agus caint, le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier, Meadhbh O’Leary Fitzpatrick, Mairéad Hurley, Éanna Hyland agus Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin.
Déanfaidh na healaíontóirí machnamh ar théamaí an lae sa gceolchoirm seo agus léireofar ról na n-ealaíon, an chultúir agus na hoidhreachta maidir lenár dtimpeallacht áitiúil a chosaint ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.
Ní gá freastal ar an ócáid ar fad. Is féidir clárú do chuid amháin, do dhá chuid nó don lá ar fad.
Beidh físeán á thaifead againn i rith an lae leis an gcaidreamh atá againn leis an talamh, leis an uisce, le bithéagsúlacht agus le hoidhreacht an cheantair a iniúchadh agus a cheiliúradh.
Tá an t-imeacht seo á reachtáil mar chuid den togra CLICA mar chuid den Seachtain Oidhreachta 2024, atá comh-mhaoinithe ag an Aontas Eorpach (Erasmus+), le tacaíocht ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Cuisle an Chomhshaoil
Bealtaine/ May 26, 2-4pm, Acadamh na hOllscolaíochta, AN Cheathrú, Rua, Co na Gaillimhe
Painéal cainte ar chúrsaí comhshaoil agus ar nósanna traidisiúnta
Tá ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga, atá páirteach sa togra CLICA (Young Climate Campaigners) ag eagrú caint phoiblí.
Comhrá spreagúil, idirghníomhach a bheidh i gceist le plé a dhéanamh ar chúrsaí timpeallachta agus comhshaoil.
Beidh fáilte roimh chách teacht agus éisteacht leis an bpaineál saineolaithe, gníomhaithe agus ealaíontóirí agus iad i mbun comhrá leis an Dr. Síle Denvir (DCU) & Eanna Hyland (Clár Uiscí na nÚdarás Áitiúil (LAWPRO) & CLICA). Déanfar plé ar an gceangal atá againn lenár dtimpeallacht, agus muid ag díriú ar na nósanna atá againn mar phobal. I measc na gcainteoirí beidh:
Macdara Ó Cuaig (Foras na Mara), an Dr.Ríonach Ní Néill (Ciotóg), agus an Dr. Seathrún Ó Tuairisg (Flóra Chois Fharraige).
Beidh ceol agus amhráin fite fuaite leis an gcomhrá agus déanfar iniúchadh ar an gcaidreamh atá ag na healaíona agus ár nósanna traidisiúnta leis an timpeallacht.
Tá súil ag na gníomhaithe óga go spreagfar cur agus cúiteamh i measc an lucht féachana agus bainfidh siad úsáid as na téamaí a thagann chun solais mar ábhar ionspioráide don chéad chéim eile sa togra.
Bígí ag súil le tae, plé agus cúpla stéimh! Beidh seisiún ceoil oscailte ann tar éis na hócáide agus beidh fáilte roimh chách.
Cuisle an Chomhshaoil: Meitheal Mhachnaimh
Tionscadal ealaíne agus gníomhachais aeráide do dhaoine idir 18 & 30
Clárú: https://www.eventbrite.co.uk/e/cuisle-an-chomhshaoil-meitheal-mhachnaimh-tickets-760088253427?aff=oddtdtcreator
Tae in the Bog
Sligo is the heartland of traditional Irish music. Some of the most famous tunes in our tradition were immortalised in legendary records made in the USA by Sligo musicians Paddy Killoran, Michael Coleman and James Morrison, in the early days of the recording studio in the 1920s and 1930s.
Sligo is also known for its incredible natural beauty, with stunning shores, majestic mountains and breathtaking bogland. Is it any wonder that some of the most complex and intricate melodies in our cultural heritage emanated from such an inspiring environment?
On Sunday, September 17th, as part of the Paddy Killoran Traditional Music Festival, we invite you to join a musical mystery tour by bus from Ballymote, the home of Paddy Killoran, to the Ox Mountains to explore the biodiversity of the bogs of South Sligo. We’ll enjoy performances and stories about traditional tunes including the Geese in the Bog, the Moving Bogs of Powellsboro and the Hut in the Bog from musicians Mairéad Hurley & John Blake, followed by a bog walk with environmental experts Derek McLoughlin & Gary Goggins from the Wild Atlantic Nature LIFE project. We’ll discover the habitats of native flora and fauna, and learn about sustainable ecosystem services and the ways that scientists and farmers in the North West are collaborating to protect our precious natural resources and to care for our heritage and our future. Finally, in honour of the famous tune, we’ll have Tae in the Bog (updated for 2023 with coffee and dairy-free milk available too!). Booking essential: https://www.eventbrite.ie/e/tae-in-the-bog-the-musical-traditions-biodiversity-of-south-sligo-tickets-699520232847?aff=oddtdtcreator